Cúrsaí Dlí agus Séanadh
Is cóipcheart de Choillte, Roomthree Design agus sealbhóirí eile cóipchirt é an t-ábhar ar fad atá foilsithe ar an suíomh seo. Níl cead aon ábhar ar an suíomh seo a atáirgeadh, a leasú, a athdhíol ná a athfhoilsiú in aon chineál bealaigh gan cead sainráite i scríbhinn ó Choillte. An aidhm lenár suíomh Gréasáin ná chun an sruth faisnéise agus caidrimh i measc ár gcomhghleacaithe gnó uile a dhéanamh níos éasca. Dá bhrí sin breathnóimid go dearfach ar iarratais ina scaipfear faisnéis ar lucht féachana níos leithne dá bharr. Má chuirtear ábhar ón suíomh seo ar aghaidh chuig meán ar bith, iarrfaimid go dtabharfar aitheantas iomlán do Choillte.
Cé go bhfuil gach cúram réasúnta glactha ag Coillte le cruinneas na faisnéise atá curtha i láthair ar an suíomh Gréasáin a dhearbhú ní dhéanann sé barántaí maidir le cruinneas ná sláine na faisnéise laistigh den suíomh nó atá ar fáil tríd an suíomh. Tuigeann úsáideoir an tsuímh Ghréasáin seo nach nglacann Coillte ná aon tríú páirtí a d'fhéadfadh faisnéis a chur ar fáil do Choillte le scaipeadh aon fhreagracht ná dliteanas d'aon sórt cibé áit a bhfuil sí a eascraíonn as ábhar nó úsáid páirtí ar bith den suíomh nó d'aon fhaisnéis atá istigh ann nó atá ar fáil ann.
Forchoimeádann Coillte aige féin an ceart chun an fhaisnéis atá curtha ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo a athmheas, leasú, athrú nó a scrios ag am ar bith.

Marc d’Fhoraoiseacht Fhreagrach
Ciallaíonn deimhniú creidiúnaithe FSC go ndearnadh iniúchadh agus luacháil neamhspleách ar an mbunfhoraois de réir prionsabal eacnamaíocha, sóisialta agus chomhshaoil agus na gcritéar atá comhaontaithe ag Comhairle
Maoirseachta na Foraoiseachta A.C. (FSC). Is comhlachas neamhbhrabach é FSC ina bhfuil grúpaí comhshaoil agus sóisialta agus comhlachtaí miondíola forásacha foraoiseachta agus adhmaid mar bhaill a oibríonn i gcomhpháirtíocht lena chéile chun cuidiú le feabhas a chur ar bhainistíocht foraoisí ar fud an domhain.
www.fsc.org
Trádmharc FSC © 1996 Forest Stewardship Council