Athbhreithniú Airgeadais
Torthaí
Mhéadaigh láimhdeachas an Ghrúpa faoi €43.5m (21%) le linn 2010 go €250.4m, go príomha de bharr na bpraghsanna láidre lomáin agus painéil OSB agus an mhéadaithe shuntasaigh san éileamh don OSB, go háirithe i margadh na Ríochta Aontaithe. D’éirigh le custaiméirí muilte sábhadóireachta an Ghrúpa margaí onnmhaire a fhorbairt sa Ríocht Aontaithe d’adhmad sáfa agus bhí éileamh láidir ann don chéad leath de 2010. Ach, níos faide ar aghaidh sa bhliain, tháinig laghdú ar an éileamh agus ar na praghsanna agus léiríodh é seo ar deireadh san éileamh do lomáin a thit go mór sa ráithe dheireanach. Bhí an t-éileamh do tháirgí painéil, OSB go háirithe, an-láidir de bharr líon tosca lena n-áirítear ganntanas sraithadhmaid i margaí na hEorpa. Mar thoradh air seo léiríodh é sa phraghas díolachán, go háirithe an OSB a mhéadaigh go mór le linn na bliana. Na díolacháin onnmhaire ba ea 54% den láimhdeachas agus díoladh 70% de i margadh na Ríochta Aontaithe.
D’ardaigh an brabús oibriúcháin roimh mhíreanna eisceachtúla ó €0.8m go €46.1m ag léiriú na bpraghsanna níos fearr a baineadh amach in 2010 agus laghdaithe shuntasaigh i gcostais oibriúcháin mar chuid de thionscnamh leanúnach ar fud an Ghrúpa. D’ardaigh an brabús i ndiaidh cánach ó €4.2m in 2009 go €32.1m in 2010. San áireamh sna torthaí tá muirear eisceachtúil de €1.4m i leith lagú sócmhainní foraoiseachta áirithe cé go raibh creidmheas eisceachtúil de €18.5m i dtorthaí 2009, a tharla don chuid is mó mar gheall ar an mbrabús a réadaíodh ar dhiúscairt foraoisí neamhaibí. Tá tuilleadh sonraí curtha ar fáil i Nóta 5 a ghabhann leis na cuntais.
D’ardaigh EBITDA don Ghrúpa ó €55.2m go €65.6m, ardú 18.8%. Tá réiteach EBITDA san áireamh i dTábla 2 thíos.
Muirir úis (costais a bhaineann leis an mbanc san áireamh) agus airgeadais don bhliain ba ea €11.8 milliún, laghdú €0.1 milliún ó 2009. Na muirir úis ar ár rótharraingtí agus áiseanna iasachta ba ea €9.3m (2009:€8.5m) agus an muirear airgeadais a bhain leis na costais airgeadais FRS17 a bhain leis an easnamh maoinithe pinsean ba ea €2.5m (2009:€3.3m). An bunchumhdach úis EBIT don bhliain ba ea 5.2 huaire.
Muirear cánach an Ghrúpa do 2010 ba ea €1.3m (2009: €3.3m).
Ionchas
Cé gur léir go bhfuil geilleagar na hÉireann ag cobhsú ní dócha go mbeidh aon mhéadú i ngníomhaíochtaí in 2011. Mar sin féin, d’fheidhmigh margadh na Ríochta Aontaithe go maith in 2010, is é is dóichí ná go ndéanfar méadú ar bith a sheach-chur le laghdú i ngníomhaíochtaí san earnáil phoiblí mar thoradh ar an ngearradh siar suntasach i gcaiteachas an Rialtais mar a fógraíodh an bhliain seo caite. Thit an t-éileamh agus an praghas do lomáin go mór sa ráithe dheireanach i 2010, ach rinneadh iad a chobhsú. Meastar go mbeidh an t-éileamh do tháirgí painéil coinnithe ag leibhéil 2010 i rith na bliana reatha. Is saincheist tábhachtach í go fóill an laige atá ann faoi láthair sa ráta malairte steirling don Ghrúpa toisc nach bhfuil tionchar aici ar an toradh ó dhíolachán na dtáirgí painéil amháin ach ar thorthaí agus sreafaí airgid iomlána an Ghrúpa. Leanann an Grúpa ag déanamh dul chun cinn suntasach chun na costais oibriúcháin a laghdú agus meastar go leanfaidh an feabhas seo le linn 2010.
Caiteachas Caipitiúil
Mhéadaigh an Grúpa a chlár caiteachais chaipitiúil in 2010 ó €40.7m go €45.5m. Tabhaíodh cuid mhór den chaiteachas tríd an eastát foraoise a fheabhsú agus a choinneáil (€33.4m). Mar sin féin, lean an Grúpa ag infheistiú i suíomhanna crann teileachumarsáide agus ag forbairt a straitéise fuinnimh ghaoithe.
Glanfhiach agus Giaráil
Ag deireadh na bliana laghdaigh glanfhiach an Ghrúpa faoi €26.8m go €150.6m le spás cloiginn ar shaoráidí atá ann cheana féin nár tarraingíodh orthu de €95.3m. Mhéadaigh an fiach comhlán faoi €2.3m agus mhéadaigh iarmhéideanna airgid faoi €29.1m. San áireamh sna figiúirí seo tá na fáltais ó dhiúscairt scair an Ghrúpa d’fheirm ghaoithe Ghléib Gharbhach (€25.4m). An ghiaráil ba ea 12.3% ag deireadh na bliana agus bhí 28% den phunann fiach ag rátaí úis seasta ar 31 Nollaig 2010. Bhí cóimheas an ghlanfhéich do EBITDA 2.30 huaire níos mó agus bhí an cumhdach úis ag 7.6.
Sochair Fostaithe
Tá líon scéimeanna pinsean sochair shainithe á bhfeidhmiú ag Coillte le sócmhainní atá coinnithe i gcistí atá riartha go leithleach. Léirigh na luachálacha achtúireacha is déanaí (31 Nollaig 2008 – Coillte agus 01 Eanáir 2009 – Medite) go raibh luach an mhargaidh de shócmhainní na scéime ag €123.9m, a bhí €98.3m níos lú ná dliteanais na scéime.
Tá togra maoinithe (ceadaithe ag an mBord Pinsean) i bhfeidhm do Choillte Teoranta agus an aidhm atá aige ná an Scéim a thabhairt ar ais chuig sócmhainneacht iomlán ar an mbonn Íoschaighdeáin Mhaoinithe faoi 31 Nollaig 2020. Tá ranníocaíochtaí airgid breise suntasacha déanta ag Coillte leis an Scéim mar chuid den togra maoinithe comhaontaithe seo lena n-áirítear ranníocaíocht láithreach de €3m, ranníocaíochtaí bliantúla de €1.5m thar dhá bhliain déag (innéacsaithe ag 6.5% p.a.) agus ceangaltas chun €30m de shócmhainní neamhairgid a aistriú.
Leanann an Grúpa ag cloí leis na riachtanais iomlána de nochtadh sochar scoir an Chaighdeáin Thuairiscithe Airgeadais (FRS 17). An t-easnamh ar an gciste ar 31 Nollaig 2010, bunaithe ar FRS 17 agus ríofa trí úsáid a bhaint as an modh aonaid réamh-mheasta, is ea €89.2m (2009: €72.4milliún) agus léirítear é seo go hiomlán i gcuntais an Ghrúpa. Tá an t-easnamh FRS 17 níos ísle ná an luacháil achtúireach deiridh de bharr líon beart ar thug an Grúpa fúthu, lena n-áirítear íocaíochtaí breise de €13m a aistríodh isteach sa scéim ó 2008 i leith agus tús ranníocaíochtaí na bhfostaithe i mí Mheán Fómhair 2009.
Bainistíocht Riosca Airgeadais
Déantar bainistíocht ar oibriúcháin chisteán an Ghrúpa i gcomhréir le polasaithe atá formheasta ag an mBord. Déanann na polasaithe seo foráil do phrionsabail don bhainistíocht riosca airgeadais ar an iomlán agus clúdaítear réimsí áirithe ar nós ráta úis, leachtachta agus riosca malairte eachtraí.
Nochtar oibriúcháin an Ghrúpa do rioscaí airgeadais éagsúla lena n-áirítear éifeachtaí na n-athruithe i bpraghsanna fiach den mhargadh, riosca malairte eachtraí, riosca creidmheasa, leachtacht agus riosca ráta úis. Tá clár bainistíochta riosca i bhfeidhm ag an nGrúpa ina ndéantar bainistíocht ar nochtadh airgeadais an Ghrúpa trí mhonatóireacht a dhéanamh ar leibhéil airgeadais fhéich agus na costais airgeadais a bhaineann leo.
D'fhonn cobhsaíocht eis-sreafaí airgid a chinntiú agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca ráta úis dá réir, tá polasaí ag an nGrúpa 50% (2009: 50%) ar a laghad den fhiach a choinneáil ag ráta seasta. Chomh maith leis seo tá i gceist ag an nGrúpa an riosca de mhaoiniú neamhchinnte a laghdú ina oibriúcháin trí iasachtaí a fháil laistigh de raon difríochta de thréimhsí aibíochta. Baintear úsáid as ionstraimí airgeadais chun ráta úis agus riosca airgeadais a bhainistiú. Ní ghlacann an Grúpa páirt i ngníomhaíocht amhantrach agus tá polasaí oibríochta cisteáin drogallach roimh rioscaí. Ó 8 Eanáir 2011 tháinig líon conarthaí ráta úis sheasta i bhfeidhm a mhéadaigh céatadán na punainne fiach ag rátaí úis seasta ó 28% go 63% (Nóta 18).
Riosca Praghas
Tá an Grúpa nochta do riosca praghas tráchtearraí mar thoradh ar a chuid oibriúchán. Ach, le méid oibriúchán an Ghrúpa, sáraíonn an costas le nochtadh a bhainistiú i gcomparáid le riosca praghas tráchtearraí aon sochar a d'fhéadfadh a bheith ann. Breathnóidh na Stiúrthóirí ar oiriúnacht an pholasaí seo arís má athraíonn oibriúcháin an Ghrúpa i méid nó ó thaobh nádúir de.
Riosca malairte eachtraí
Tá an Grúpa nochta do rioscaí malairte eachtraí sa ghnáthchúrsa gnó, go príomha ar dhíolachán steirling. An polasaí atá ag an nGrúpa le héifeacht an nochta airgeadra seo a mhaolú ná an steirling a fhálú trí bheith rannpháirteach i réamhchonarthaí malairte eachtraí, ar feadh tréimhsí suas le sé mhí, atá bunaithe ar dhíolacháin ionchais i margaí na Ríochta Aontaithe.
Riosca creidmheasa
Tá polasaithe curtha i bhfeidhm ag an nGrúpa ina n-éilítear seiceálacha creidmheasa ar ábhair chustaiméirí sula ndéantar na díolacháin. Chomh maith leis sin tá árachas curtha i bhfeidhm do chustaiméirí móra an Ghrúpa.
Riosca leachtachta
Coinníonn an Grúpa meascán de mhaoiniú fiach fadtéarmach agus gearrthéarmach atá deartha lena chinntiú go bhfuil dóthain maoinithe ar fáil don Ghrúpa le haghaidh oibriúchán agus forbairtí atá beartaithe.
Tábla 1 – Na Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais
|
|
|
|
|
|
2010 |
2009 |
|
Ioncam (€’m) |
250.4 |
206.9 |
|
EBITDA (€’m) |
65.6 |
55.2 |
|
EBIT (€’m) |
44.6 |
19.3 |
|
|
|
|
|
Cumhdach úis, gan na comhlachtaí chomhlachaithe san áireamh |
|
|
|
- Bonn EBITDA (amanna) |
7.6 |
6.5 |
|
- Bonn EBIT basis (amanna) |
5.2 |
2.3 |
|
Glanfhiach (€’m) |
150.6 |
177.4 |
|
Glanfhiach mar chéatadán den ghnáthscair iomlán (%) |
12.3 |
14.7 |
|
Glanfhiach mar chéatadán de na sócmhainní seasta (%) |
10.4 |
12.5 |
|
Glanfhiach/EBITDA |
2.3 |
3.21 |
|
Ráta cánach glan (%) |
3.9 |
43.5 |
EBITDA – tuillimh roimh chostais airgeadais, cáin, dímheas, ídiú agus amúchadh sócmhainne doláimhsithe, lagú agus costais VR
EBIT – tuillimh roimh chostais airgeadais agus cáin (brabús trádála)
Cumhdach úis – cóimheas EBITDA nó EBIT do ghlanmhuirir úis
Table 2 - Réiteach EBITDA
|
|
|
|
|
|
2010 |
2009 |
|
€000 |
€000 |
|
|
EBIT (€’m) |
44,623 |
19,296 |
|
Coigeartuithe: |
|
|
|
Dímheas |
10,361 |
8,961 |
|
Ídiú |
9,101 |
18,439 |
|
Amúchadh cáilmheasa |
118 |
117 |
|
Scair caillteanas comhlachaithe |
50 |
50 |
|
Costais VR |
- |
5,209 |
|
Lagú |
1,392 |
3,100 |
|
|
||
|
EBITDA |
65,645 |
55,172 |
|
|
|
|